LogoHQ3

Cad é gaelgoer?

Aip don fón póca is ea ‘GaelGoer’ a chuireann ar chumas daoine a bhfuil suim acu sa Ghaeilge teacht ar dhaoine eile agus cumarsáid a dhéanamh leo.

Tá suaitheantas ‘Labhair Gaeilge Liom’ deartha againn agus cuireadh tugtha againn do chainteoirí Gaeilge in Éirinn agus thar lear, ag gach leibhéal cumais, an suaitheantas a chaitheamh.

 

Tá molta againn dóibh freagairtí ó chainteoirí Gaeilge eile a phostáil ar na meáin shóisialta ar # GaelGoer. As na postálacha seo déanfaimid liosta agus léarscail de na háiteanna ar féidir bualadh le cainteoirí Gaeilge eile.


Ina theannta sin, beidh an rogha ag úsáideoirí an láthair mar a bhfuil siad a roinnt ar an aip, á n-aithint féin do Ghaeilgeoirí eile sa chomharsanacht. Beidh an rogha acu freisin feidhm a bhaint as córas
teachtaireachtaí meandracha ar a bhfuil feidhm uathcheartaithe as Gaeilge.


Is tríd an suirbhé, ar féidir teacht air ar ár suíomh gréasáin, a cinneadh ar roinnt codanna den aip ‘GaelGoer’.


Tá na céadta daoine ar fud an domhain tar éis an suirbhé a chomhlánú ag cur in iúl dúinn cad ba chóir a bheith ar fáil ar an aip.
 

The ‘Labhair Gaeilge Liom’  badge can be obtained by donating to our Go Fund Me Campaign. Is féidir an suaitheantas ‘Labhair Gaeilge Liom’ a fháil trínár bhFeachtas Go Fund Me.

Má bhronnann tú 5 euro nó níos mó, is féidir a iarraidh go seolfar suaitheantas chugat (aon áit ar domhan) ach d’ainm agus do sheoladh a chur chugainn tríd an ríomhphost.